Roinneann saineolaithe idirnáisiúnta agus náisiúnta machnaimh agus léargais
Preasráiteas
Reáchtálfaidh grúpa neamhspleách Mheastóireacht ar COVID-19 na hÉireann comhchomhairle beo ar an idirlíon le saineolaithe Éireannacha agus idirnáisiúnta chun iniúchadh a dhéanamh ar chúinsí sláinte na freagartha ar phaindéim COVID-19 agus ar na ceachtanna na le foghlaim do chásanna éigeandála sláinte poiblí amach anseo.
Déanfaidh an sainfhóram iniúchadh ar conas a mhúnlaigh sláinte phoiblí bainistiú na hÉireann ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear úsáid idirghabhálacha neamhchógaisíochta mar fhreagairt ar an víreas, agus an t-idirghníomhú idir cinnteoireacht bunaithe ar shláinte phoiblí agus cúrsaí níos leithne an chórais sláinte.
Deis atá ann do rannpháirtithe léargais a thabhairt maidir le freagairtí ar an bpaindéim, mar shaineolaithe agus láidreachtaí agus laigí na gcur chuige a mheas, agus foghlaim conas tacú le hullmhacht níos fearr amach anseo.
Mar chuid den chomhchomhairle beidh léargais idirnáisiúnta ó rannpháirtithe iomráiteacha lena n-áirítear an Dr Anders Tegnell, Iar-Eipidéimeolaí Stáit na Sualainne le linn na paindéime; an tOllamh Mark Woolhouse ó Ollscoil Dhún Éideann, a thug comhairle do rialtais na RA agus na hAlban le linn COVID-19; agus an tOllamh David Heymannón London School of Hygiene & Tropical Medicine, atá mar bhall de phainéal Mheastóireacht ar COVID-19 na hÉireann agus a bhí ar fhoireann mhearfhreagartha leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a thacaigh leis an bhfreagairt ar COVID-19 san Afraic Theas.
Beidh léargais idirnáisiúnta agus náisiúnta ón Dr Mike Ryan, Iar-Leas-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcuideachta príomhshaineolaithe Éireannacha ar shláinte phoiblí agus ar bheartas sláinte, mar atá, an tOllamh Mary Codd, an tOllamh Ivan Perry, an tOllamh Anthony Staines, an tOllamh Steve Thomas, an tOllamh Patricia Leahy-Warren, an Dr Patrick O’Donnell, agus an tOllamh Sarah Burke, saineolaí do phainéal Meastóireachta ar COVID-19.
Craolfar an t-imeacht maidin Dé Máirt an 31 Márta agus beidh sé beo ar an idirlíon don phobal mar chuid de thiomantas na Meastóireachta a bheith oscailte agus trédhearcach. Is í an t-iriseoir agus údar Dearbhail McDonald a bheidh ag éascú na cainte.
Roimh an imeacht, dúirt an tOllamh Anne Scott, Cathaoirleach na Meastóireachta ar COVID-19:
“Tugann an chomhchomhairle seo guthanna eolasacha a bhfuil taithí acu ar chúrsaí sláinte poiblí agus beartas poiblí le chéile. Ach léargais éagsúla Éireannacha agus idirnáisiúnta a chloisteáil, is féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar láidreachtaí agus laigí chuir chuige na paindéime, ceachtanna a fhoghlaim ón mbainistiú ar COVID-19 agus ullmhacht do chásanna éigeandála sláinte poiblí amach anseo a neartú.”
Dúirt an tOllamh David Heymann:
“Tá plé machnamhach tábhachtach le tuiscint a fháil ar conas a thug tíortha éagsúla aghaidh ar COVID-19 agus a bhfuil le foghlaim ó na heispéiris sin. Trí shaineolas Éireannach agus idirnáisiúnta a thabhairt le chéile, cabhróidh an chomhchomhairle seo le bonn eolais a chur faoi mheasúnacht na Meastóireachta maidir le céard a d’oibrigh, na dúshláin a tháinig chun cinn, agus moltaí pleanála i gcomhair cásanna éigeandála sláinte poiblí amach anseo.”
Próiseas neamhspleách neamhreachtúil is ea Meastóireacht COVID-19 na hÉireann ar a ndéanfaidh an tOllamh Anne Scott cathaoirleacht. Is é an cuspóir atá leis ceachtanna a fhoghlaim ón bpaindéim trí scrúdú a dhéanamh ar fhreagairt na hÉireann agus ar thionchair na paindéime ar sheirbhísí sláinte, ar an tsochaí i gcoitinne agus ar an ngeilleagar.
Sonraí an imeachta
Craolfar an chomhchomhairle beo ar líne óna 10.00am go 12.30pm ar an 31 Márta 2026. Beidh ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil chomh maith. Cuirfear taifeadadh iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin na Meastóireachta tar éis an imeachta.
Liosta iomlán na rannpháirtithe: An tOllamh David Heymann, an Dr Anders Tegnell, an tOllamh Mark Woolhouse, an Dr Mike Ryan, an tOllamh Ivan Perry, an tOllamh Mary Codd, an tOllamh Anthony Staines, an tOllamh Steve Thomas, an tOllamh Patricia Leahy-Warren, an Dr Patrick O’Donnell, agus an tOllamh Sara Burke.
Beidh sé seo i dteannta na mball eile ar Phainéal na Meastóireachta ar Covid-19: an tOllamh Anne Scott, an tOllamh Bert Gordijn, agus an Dr Nat O’Connor.
Breathnóirí: Taighdeoirí Iardhochtúireachta don Mheastóireacht ar COVID-19: An Dr Dimuthu Rathnayake, an Dr Charlotte Myers agus an Dr Veronica Segerstrom.
Leagfar béim sa chomhchomhairle seo ar ghnéithe leathana sláintebhunaithe na freagartha ar COVID-19. Tá scrúdú á dhéanamh ar an bhfreagairt ar leith ar COVID-19 i saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine aosta aisti féin mar mhodúl tiomnaithe de chuid na Meastóireachta.
Tabhair faoi deara
Ina theannta seo, i measc na ngníomhartha roimhe seo tugadh faoi chomhairliúchán poiblí forleathan, comhchomhairle le páirtí leasmhara le béim ar an tsochaí i mí Iúil seo caite, suirbhé comhairliúcháin do dhaoine óga i mí Dheireadh Fómhair, comhchomhairle eacnamaíochta i mí na Samhna, agus suirbhéanna saincheaptha ar eispéiris i saoráidí cúraim cónaithe fhadtéarmaigh do dhaoine aosta.
Sonraí iomlána ar Mheastóireacht ar COVID-19 ar fáil ag https://www.covid19evaluation.ie/ga/, lena n-áirítear na Téarmaí Tagartha.
Tá an próiseas neamhspleách ar Rialtas agus treoraítear é ag prionsabail an neamhspleáchais, na trédhearcachta, na neamhchlaontachta agus an chomhionannais.
Cuid den phainéal ag Comhchomhairle Eacnamaíochta mhí na Samhna seo caite. Ó chlé go deas, an tOllamh Bert Gordijn, an Dr Nora Strecker, an tOllamh Anne Scott, Stiúrthóir na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) Martina Lawless, an Dr Nat O’Connor.
