Tá an comphairliúchán poiblí ginearálta agus an comhairliúchán dírithe ar dhaoine óga, chun scéalta forleathan faoi thaithí bheatha a fháil trí shuibhé agus trí aighneachtaí, dúnta anois.

Cuirfear anailís faoi phríomhthéamaí agus léargais ó na suirbhéanna poiblí agus ó aighneachtaí aonair agus gheallshealbhóirí ar fáil ar bhonn céimnithe. Coinnigh suas-chun-dáta ar dhul chun cinn na Breithmheastóireachta ar ár leathanach nuachta agus nuashronraithe.
Tosófar comhairliúchán faoin bhfreagra in áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha do dhaoine aosta i mí Eanáir 2026
Teachtaireacht Físe ón gCathaoirleach, an tOllamh Anne Scott
Is i gceist tríd an mBreithmheastóireacht ná fonn ar thuiscint a bheith againn ar dhearctha agus eispéiris leathana chun pictiúr cuimsitheach a fháil ar an bhfreagra do COVID-19 in áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha do dhaoine aosta.
Tosófar comhairliúchán ar an modúl seo i mí Eanáir2026, le suirbhé atá tiomnaithe chun eispéiris na ndaoine seo a leanas a bhailiú:
· Cónaitheoirí agus gaolta;
· Gaolta a bhfuil duine muinteartha leo tar éis bás a fháil;
· An fhoireann ar fad;
· Soláthraithe tithe altranais/an duine atá i gceannas agus
· Daoine eile a phléigh go díreach le háiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha, lena n-áirítear dochtúirí teaghlaigh agus dochtúirí seandaoine.
Beidh tuilleadh rannpháirtíochta ann dírithe ar thaithí bheatha na dteaghlach a bhfuil duine muinteartha leo tar éis bás a fháil.
Beidh tuilleadh eolais faoin modúl comhairliúcháin seo ar fáil i mí Eanáir 2026.
Daoine Óga
Tá an comhairliúchán do leanaí agus do dhaoine óga dúnta anois.
Áiseanna curáim chónaithe fadtéarmacha do dhaoine aosta
Beidh comhairliúchán breise ann a áireoidh dearcthaí chónaitheoirí/ghaolta, foirne agus soláthraithe Tithe Altranais /an duine atá i bhfeighil. Áireoidh sa gcomhairliúchán seo maidir le Tithe Altranais fócas ar leith ar thaithí saoil na gclanna atá faoi bhrón.
Cláraigh do spéis: Seol ríomhphost chugainn
Acadóir / Taighdeoir:
Más mian leat taighde acadúil atá foilsithe a roinnt: seol ríomhphost chugainn
Má tá ceist agat: Seol ríomhphost chugainn
Teileafón: 01 619 4500
Cuimsíonn comhairliúchán réimsí éagsúla

