Ráiteas Príobháideachais
Baineann an Comhairliúchán Poiblí seo le taithí phearsanta daoine a fháil amach agus le tuiscint a fháil ar an mbealach a ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm ar dhaoine. Beidh sé seo mar chuid den fhianaise atá á bailiú ag Breithmheastóireacht COVID-19, atá ag déanamh iarracht measúnú a dhéanamh ar an mbealach ar déileáladh leis an bpaindéim in Éirinn.
Tá Breithmheastóireacht COVID-19 tiomanta do chearta agus do phríobháideachas daoine aonair a chosaint de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn ag na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, ag cloí go docht leis na forálacha reachtaíochta seo.
Ní bhainfear úsáid as sonraí pearsanta a fhaightear mar fhreagra ar chomhairliúchán poiblí ach amháin chun na críche ar cuireadh na sonraí sin ar fáil agus ní roinnfear na sonraí ach amháin nuair is cuí le hoifigigh atá ag obair go díreach ar Bhreithmheastóireacht COVID-19. Ní choinneoidh an Bhreithmheastóireacht neamhspleách COVID-19 faisnéis phearsanta ach go dtí go mbeidh obair Bhreithmheastóireacht COVID-19 curtha i gcrích.
Tugann ceist shonrach sna foirmeacha suirbhé agus aighneachta an rogha sonraí teagmhála a chur ar fáil dá mba rud é go mbeadh suim agat go ndéanfaí teagmháil leat le haghaidh comhairliúchán níos sainiúla maidir le Tithe Altranais. Ní úsáidfidh Breithmheastóireacht COVID-19 d’fhaisnéis teagmhála ach amháin sa chás gur thoiligh tú go ndéanfaí teagmháil leat.
Tá sé de cheart agat rochtain ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút a éileamh agus cur i gcoinne phróiseáil do chuid sonraí pearsanta. Sa chás go bhfuil tú míshásta leis an mbealach ina bhfuilimid ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an údarás maoirseachta ábhartha.
Má tá imní ort faoin mbealach a bhfuilimid ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar info@covid19evaluation.ie
Téarmaí agus Coinníollacha d’Aighneachtaí chuig Breithmheastóireacht neamhspleách COVID-19
Clúdaíonn na téarmaí agus coinníollacha seo aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil mar chuid den Chomhairliúchán Poiblí.
Áirítear leis sin aighneachtaí aonair, faisnéis phearsanta atá in aighneachtaí eagraíochtaí páirtithe leasmhara, agus ionchur aonair a chuirtear ar fáil trí Shuirbhéanna.
Tá faisnéis á bailiú chun cabhrú leis an mBreithmheastóireacht a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoina Téarmaí Tagartha, atá bunaithe ar bhreithmheastóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt ar phaindéim COVID-19. Is ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 28 Feabhra 2022 an tréimhse ama a chlúdaítear.
Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh Aighneachtaí
Bailíocht:
Ní dhéanfar a mheas ach aighneachtaí a fhaightear tríd an bpróiseas foirmiúil mar chuid de chomhairliúchán na Breithmheastóireachta.
- D’fhéadfaí a mheas go bhfuil aighneachtaí gan ainm neamhbhailí (i gcás Suirbhé, ní gá ach ríomhphost / sonraí teagmhála a chur in iúl).
- D’fhéadfaí aighneachtaí a mheastar a bheith maslach, ionsaitheach nó nach mbaineann le scóip Théarmaí Tagartha Bhreithmheastóireacht COVID-19 a mheas ina n-aighneachtaí neamhbhailí.
- D’fhéadfaí a mheas go bhfuil aighneachtaí nach dtoilíonn leis na Téarmaí agus Coinníollacha neamhbhailí.
Faisnéis a chuirtear ar fáil:
Ba chóir go mbeadh faisnéis phearsanta a chuirtear ar fáil ag leibhéal a chuireann síos ar thaithí saoil ach níor cheart go gcuirfeadh sé taifid mhionsonraithe ar fáil.
Tá sé tábhachtach nach gcuirfidh aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil isteach ar phróisis ar leithligh. Ina theannta sin, má léiríonn aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil imní shonracha maidir le cionta féideartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé d’oibleagáid ar an mBreithmheastóireacht fógra a thabhairt don údarás ábhartha, de réir mar is cuí.
Sonraí a stóráil:
Beidh gach aighneacht bhailí mar chuid d’ionchur Bhreithmheastóireacht COVID-19. Coimeádfaidh Breithmheastóireacht neamhspleách COVID-19 sonraí go slán ar feadh ré a cuid oibre.
Coimeádfar sonraí ionchuir bunaidh go slán laistigh de Bhreithmheastóireacht COVID-19 – beidh rochtain ar an mBreithmheastóireacht teoranta don Rúnaíocht, faoi threoir an Oifigigh Cosanta Sonraí inmheánaigh.
Coimeádfar leaganacha leasaithe* de shonraí ionchuir go sábháilte laistigh de Bhreithmheastóireacht COVID-19 – ní thabharfar rochtain ar leaganacha leasaithe ach dóibh siúd atá ag obair go díreach ar Bhreithmheastóireacht COVID-19. Úsáidfear na leaganacha leasaithe sin de shonraí mar bhonn anailíse ag Breithmheastóireacht COVID-19.
Nuair a bheidh obair na Breithmheastóireachta críochnaithe, ní bheidh sonraí á gcoimeád ag Breithmheastóireacht neamhspleách COVID-19 mar eintiteas a thuilleadh. Ag an bpointe sin déanfar measúnú ar a chóir a scriosadh nó a choinneáil, lena n-áirítear oibleagáidí cartlainne náisiúnta.
*Leasuithe:
D’fhéadfaí faisnéis phearsanta, lena n-áirítear ainmneacha, suíomhanna sonracha agus faisnéis inaitheanta eile a chur in eagar, má iarrtar nó má éilítear é faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, go háirithe i gcás sonraí catagóirí speisialta, nó faoi réir cúinsí dlíthiúla nó rialachais eile.
- Beidh próiseáil aighneachtaí faoi réir breithnithe dlíthiúla / rialachais lena n-áirítear:
- An Reachtaíocht um Chosaint Sonraí;
- An tAcht um Thoirmeasc ar Ghríosú chun Fuatha, 1989;
- An tAcht um Chiapadh, Cumarsáid Dhochrach agus Cionta Gaolmhara 2020;
- An tAcht um Chlúmhilleadh 2009;
- An tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022.
- An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014; agus
- An tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986.
Foilsiú agus Tuairisciú:
Ionchuir Phearsanta:
Beidh gach modh foilsithe, le haghaidh ionchuir suirbhé agus aighneachtaí aonair / pearsanta, i bhfoirm bailiúcháin. Déanfar an t-eolas a ghrúpáil agus beidh sé gan ainm i gcónaí. Ní aithneofar san anailís daoine sonracha ná eagraíochtaí sonracha. Cuirfidh sé faisnéis achoimre ar fáil agus leagfaidh sé béim ar thorthaí trí mhodhanna amhail téamaí, patrúin agus treochtaí.
I measc na mbealaí foilsithe beidh suíomh gréasáin tiomnaithe na Breithmheastóireachta (www.covid19evaluation.ie), Tuarascálacha foirmiúla ón mBreithmheastóireacht, nó ag imeachtaí comhthrialacha faoi stiúir an Chathaoirligh agus/nó Phainéal Breithmheastóireachta COVID-19.
Féadfar ábhar áirithe ó na haighneachtaí a lua nó tagairt a dhéanamh dóibh i dtuarascálacha atá ar fáil go poiblí arna n-ullmhú ag Breithmheastóireacht COVID-19 (gan sannadh), faoi réir na srianta riachtanacha.
Eagraíochtaí Páirtithe Leasmhara (Ionchuir Neamhphearsanta):
Foilseofar gach aighneacht bhailí d’eagraíochtaí páirtithe leasmhara, de réir mar is cuí, i ndoiciméad tiomsaithe ar www.covid19evaluation.ie, in am trátha.
Déanfar measúnú ar chineál na faisnéise a chuirtear ar fáil chun críocha foilsithe. Ní dhéanfar faisnéis ghinearálta ar leibhéal na heagraíochta a chur in eagar (seachas sonraí teagmhála pearsanta). Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta nó inaitheanta de réir an chur chuige eagarthóireachta atá leagtha amach thuas.
Déanfar faisnéis fhoriomlán nó achoimre a chur i dTuarascálacha foirmiúla Bhreithmheastóireacht COVID-19 nó ag imeachtaí comhthrialacha faoi stiúir an Chathaoirligh agus/nó Phainéal Bhreithmheastóireacht COVID-19.
Féadfar ábhar áirithe ó na haighneachtaí a lua nó tagairt a dhéanamh dóibh i dtuarascálacha atá ar fáil go poiblí arna n-ullmhú ag Breithmheastóireacht COVID-19 (gan sannadh), faoi réir na srianta riachtanacha.