Aighneacht páirtí leasmhair
Tá Breithmheastóireacht neamhspleách COVID-19 meáite ar thuiscint a fháil ar an tionchar a bhí ag bainistiú na paindéime in Éirinn.
Ceachtanna a fhoghlaim atá mar chuspóir foriomlán ag Breithmheastóireacht COVID-19. D’fhéadfadh ceachtanna tacú le cinnteoireacht san am atá le teacht agus cuidiú le hÉirinn a ullmhú d’eachtraí amach anseo.
Seo é do dheis tionchair agus léargas a roinnt leis an mBreithmheastóireacht, ar mhaithe le measúnú iomlánaíoch a dhéanamh ar an mbealach ar déileáladh leis an bpaindéim ar fud breithnithe sóisialta, oideachais, geilleagracha/gnó, sláinte phoiblí agus cearta daonna. D’fhéadfadh sé seo cuidiú le léargas a fháil ar chuspóirí beartais iomaíocha earnála agus ar chastacht na comhbhabhtála.